Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Na cláir foghlama i ngníomh

Le cabhrú chun cláir foghlama a phleanáil, tugtar scéimre sa roth foghlama ina gcuirtear gnéithe difriúla na dtreoirlínte i láthair agus ina ndéantar ceangal eatarthu. Is é an scoláire tús agus deireadh an chláir foghlama. Léirítear é mar chiorcail chomhlárnacha ar roth le bheith mar mheabhrú amhairc agus uirlis mhachnamhach do mhúinteoirí agus scoláirí ina leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le hamharc iomlánaíoch a chothabháil ar an bhfoghlaim. Léiríonn na ciorcail chomhlárnacha, ón taobh istigh amach, na scoláirí, gnéithe dá bhfoghlaim ar nós Plean Oideachais don Dalta Aonair, catagóirí na dtorthaí foghlama lena mbaineann, na AFTanna, réimsí curaclaim féideartha a áirítear sa chlár, an ghné mheasúnaithe agus cháilíochtaí agus, ar deireadh, roinnt de na prionsabail lena mbaineann. Déantar cur síos sa tábla a leanann an léaráid ar na gnéithe ón roth níos mine.

Chun tacú le múinteoirí agus iad ag pleanáil le haghaidh foghlaim agus measúnú á uirlis ríomhphleanála forbartha ag CNCM. Tá de bhonn eolais aige an roth foghlama mar sin cabhraíonn sé le múinteoirí pleanáil ar bhealach comhtháite, seachas an Plean Oideachais don Dalta Aonair, spriocanna litearthachta agus uimhearthachta chomh maith le spriocanna CFL2 a fheiceáil mar rudaí éagsúla faoi leith.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.